Nuair a bhí siad réidh le himeacht go hAlbain, thit a máthair agus bhris sí cúpla easna, rud a chiallaigh nach raibh siad ábalta imeacht ar feadh tamaill eile. D’imigh siad sa deireadh go Falkirk in 1958 go dtí 1990. Bhí dúil aici thall. Ba dhoiligh di socrú nuair a tháinig sí anall, ní raibh deacrachtaí ar bith ag Brianaí. Bhí aithne caillte aici ar gach duine nuair a tháinig sí anall, bhí athrach mór feicthe aici. Níor chaill sí an Ghaeilge ariamh, labhair an bheirt acu Gaeilge thall lena deirfiúr agus le daoine eile a raibh aithne aici orthu. Bhí leisce ar na hÉireannaigh a bheith ag caint Gaeilge thall. Bhíodh oíche mhór acu oíche Lá ‘le Pádraig. Ba ghnách le Gracie arán plúir a dhéanamh daofa uilig.
Théann sí anonn agus anall go fóill, tá mac agus deirfiúr di thall. | 00:10:39 | |